Logainm an lae
Srúbh Gréine/Srugreana
Fáilte
Téama faoi thrácht
Ceann Léime / Loop Head “headland of (the) leap”
(féach logainm.ie #104201)
Dáta: 09/06/2025

Tabhair faoi deara nach luaitear príomhlaoch úd na seanscéalta Cú Chulainn in aon ainm baile fearainn in Éirinn go bhfios dúinn. Tá tagairtí le fáil dó, áfach, i gcuid mhaith logainmneacha nach ainmneacha riaracháin iad. (Tá sé de nós againn mionlogainmneacha a thabhairt ar a leithéid cé go bhfuil cuid de na gnéithe aiceanta is mó in Éirinn ina measc!)

Tógaimis mar shampla Ceann Léime “headland of (the) leap” (logainm.ie #104201) i gContae an Chláir. Bhí an t-ainm Gaeilge sin fós le clos ó bhéalaibh chainteoirí dúchais Chorca Bhaiscinn isteach i lár an 20ú haois. Ach bhí clú agus cáil air ar an áit chéanna tráth dá raibh faoin ainm Léim Chon Culainn “the leap of Cú Chulainn”. Sa téacs Meán-Ghaeilge Cert Ríg Caisil (‘Ceart Rí Chaisil’) (c 1100) deirtear linn go síneann Corca Bhaiscinn ‘ó tá Lém Chon Culainn co Clár Átha Dá Chara’ .i. ó Léim Chon Culainn go Droichead an Chláir (#1412543). Más ea, díol spéise go bhfuil an t-ainm ‘nua-aimseartha’, más maith leat, le fáil cheana féin sna foinsí béarlaithe is luaithe dá dtagann anuas chugainn: cuir i gcás ‘Can Leame’ ar léarscáil Boazio Irlandiæ accvrata descriptio (a foilsíodh den chéad uair i 1599). Dar ndóigh, is é Loop Head a thugtar air as Béarla sa lá atá inniu ann, cé go mbeifí ag súil le *Leap Head más aistriúchán é sin ar an ainm Gaeilge. Is maith mar a chuir file molta na Sionainne é, agus é ag scríobh ag deireadh an 18ú haois: ‘Dá gcailltí an Ghaeilge léirbhinn mhilis / Cá bhfaighthí an teangaí ná an fear eolais / A gheobhadh amach le grinneas céille / Gurb ionann “Loop Head” is Ceann Léime?’ (caighdeánaithe as téacs in eagar ag Ó Tuathail, Éigse VI lch.237). (B’fhéidir go dtiocfaimid ar ais chuige seo, mar níl an cheist sin rófhada ó bhaile ó ábhar an nóta seo idir chamáin!)

Ar aon chuma, tá Cú Chulainn caomhnaithe in ainmneacha gnéithe eile nach bhfuil chomh suntasach le Ceann Léime ná baol air, mar shampla, an dá charn i gCorca Dhuibhne (díreach lasmuigh de Ghaeltacht an lae inniu) darb ainm beirt Tigh Chú Chulainn / Cuchullin’s House (logainm.ie #101129; #1414794). Tabhair faoi deara foirm an tuisil ghinidigh Chú Chulainn anseo (forcheartaithe ag Seán Ó Donnabháin go ‘…Conchulain’ in Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis), rud a thugann le fios go bhfuil na hainmneacha seo i bhfad níos déanaí ná Léim Chon Culainn. Agus tá an laoch céanna luaite i roinnt logainmneacha eile i seanlitríocht na hÉireann nach dtagann anuas chugainn, agus ar chumadóireacht ghlan ab ea cuid acu an chéad lá! I mBinn Éadair bhí áit darbh ainm Bern Chon Culaind [Bearn(a) Chon Culainn] “the gap of Cú Chulainn”. I dTeamhair na Mí a bhí na háiteanna seo a leanas, más fíor: Córus Cind Chonchulainn [Córas Cinn Chon Culainn] “the measure of the head of Cú Chulainn”, Láthrach Scéith Con Chulainn [Láithreach Scéith Chon Culainn] “the site of the shield of Cú Chulainn” agus Méide Con Chulainn [Méidhe Chon Culainn] “the (decapitated) neck of Cú Chulainn”! (Bhí na háiteanna seo suite in aice Ráth Chonchúir Mhic Neasa, ainmnithe as an rí úd ar throid Cú Chulainn chomh cróga sin ar a shon, mar a luamar i nóta cheana.) Deirtear linn go raibh na háiteanna seo a leanas le fáil timpeall ar Chontae Lú an lae inniu, fód dúchais Chú Chulainn, nó Séadanta mar a bhí: Echlasc Ech Con Chulainn [Eachlasc Each Con Culainn] “the horse-shelters of Cú Chulainn” in aice Dhún Dealgan agus Grellach Con Chulainn [Greallach Chon Culainn] “the miry place of Cú Chulainn” in aice Bhaile Átha Fhirdhia. (Tá Baile Átha Fhirdhia luaite go tragóideach le Cú Chulainn chomh maith, dar ndóigh.) (Le haghaidh logainmneacha stairiúla, dála an scéil, féachaigí DIAS E-Onomasticon – leagan Uí Chorráin den Onomasticon Goedelicum (1910) – agus dar ndóigh an tsraith nua Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge.)
Faighimid Ceann Léime eile suas an cósta beagán i gCúige Chonnacht. Agus go deimhin tá ainm aisteach Béarla ar an gceann seo freisin. Ceann Léime / Slyne Head (logainm.ie #1165703) i gContae na Gaillimhe atá i gceist gan amhras. Tá tagairt luath go leor ó pheann Ruairí Uí Fhlaithbheartaigh i 1684 a dheimhníonn an fhoirm Ghaeilge dúinn: ‘Ceann leime’ in A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught written A.D. 1684 by Roderic O’Flaherty. Níl aon rólocht ar an litriú béarlaithe ‘Can Leame’ a fhaighimid ar na léarscáileanna luatha roimhe sin: is mar sin atá sé ag Boazio (féach thuas) agus ar The Province of Connaught with the City of Galway described (c 1610) le John Speed freisin. Ach dála an logainm eile úd i gContae an Chláir, níor ghreamaigh an leagan sin sa chaint as Béarla. Slyne Head ainm Béarla an lae inniu air, nach léir a bhunús: scríobhann an Flaithbheartach ‘Slimhead’ agus ‘Slimehead’ (1684), rud a thugann le fios b’fhéidir go bhfuil sé bunaithe ar an leathaistriúchán *Lem Head. Ach d’fhéadfadh sé nach bhfuil baint dá laghad aige leis an logainm Gaeilge.
Mar an gcéanna le Ceann Léime Chontae an Chláir, tá seanainm na léime a thug ainm do Cheann Léime Chontae na Gaillimhe ar eolas againn! Is éard a bhí ann Léim Lára “mare’s leap” < láir ‘capall baineann’ (féach Éamonn Ó Tuathail, ‘Léim Lára’, Éigse VI, lgh. 155-156; A. B. Taylor, ‘Léim Lára – Ceann Léime’, Éigse IX, lgh. 30-31). Díol suntais go raibh an ceann tíre seo chomh tábhachtach sin do mhairnéalaigh go bhfuil sé le fáil sa Landnámabók – seaninsint ar lonnaíocht na Lochlannach san Íoslainn – mar Jǫlduhlaup, a chiallaíonn léim lárach .i. “mare’s leap” freisin! Is spéisiúil an focal jalda “mare” anseo, mar ba fhocal fileata amháin é de réir gach dealraimh, os coinne merr, an gnáthfhocal ar láir “mare” (Icelandic English Dictionary, Oxford (athchló 1962)). Pé duine a d’aistrigh Léim Lára go Jǫlduhlaup, mar sin, níorbh aon iarracht ad hoc é, agus is léir gur thuigeadar an Ghaeilge!
Níorbh é seo an t-aon sampla amháin de Shean-Lochlainniseoirí ag plé le logainmneacha Gaeilge in Éirinn, ná baol air! I ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath atá an t-oileáinín Deilginis (logainm.ie #17503). Tugtar Dalkey air seo as Béarla inniu, ainm a thagann as Dálkøy na Sean-Ioruaise. Ach níl ansin ach aistriúchán eilimint ar eilimint ar an logainm Gaeilge a fuaireadar rompu .i. Meán-Ghaeilge delg > dálk ‘dealg’ agus inis > øy ‘oileán’. Ag fanacht i measc oileán Bhaile Átha Cliath, féach nach ‘Súil na hÉireann’ is brí le Ireland’s Eye, an t-ainm Béarla ar Inis Mac Neasáin “the island of the sons of Neasán” (logainm.ie #17542). Tagann an t-ainm Béarla ó leagan Sean-Ioruaise d’ainm Gaeilge eile a bhí air tráth .i. Inis Éireann “the island of Éire”, ina bhfuil an t-ainm pearsanta (mná) Éire, gen. Éireann (Mid.Ir. Ériu, gen. Érenn). Ach bhain na Lochlannaigh míthuiscint as an ainm sin faoi mar a bheadh ainm na tíre féin .i. Éire ann. Tá samplaí eile luaite ag Dónall Mac Giolla Easpaig, ‘L’influence Scandinave sur la Toponymie Irlandaise’, in É. Ridel (ed.), L’Héritage Maritime des Vikings en Europe de l’Ouest (Caen, 2002) lgh. 441‒82.
Tá na logainmneacha seo a léiríonn an tSean-Ioruais ag plé leis an Meán-Ghaeilge fíorthábhachtach maidir le stair teangeolaíochta na hÉireann, mar go léiríonn siad go raibh cur amach ag na Lochlannaigh is luaithe dá dtáinig anseo ar theanga dúchasach na nGael. Is maith is eol dúinn an ról a d’imir na Lochlannaigh chéanna in Éirinn nuair a shocraíodar síos thar na glúinte – idir pholaitíocht, chogadh agus chultúr – agus dá bhrí sin is díol suime nár fhágadar ach cúpla dosaen logainmneacha dá gcuid féin sa tír ar fad (cf. Mac Giolla Easpaig, ibid.). Rud is spéisiúla fós, cé ‘s moite de dhornán beag bídeach, níor ghlac na Gaeil leis na logainmneacha nua seo de bhunús na Sean-Ioruaise: cuir i gcás Port Láirge, an t-ainm Gaeilge a bhí ann roimh na Lochlannaigh agus atá in úsáid fós, beag beann ar an ainm nua Veðrafjǫrðr (a thug Waterford sa Bhéarla). Tá an scéal seo bunoscionn ar fad ó logainmneacha nan Eilean Siar (nó nan Innse Gall!) in Albain, mar nach bhfuil aon easpa samplaí de logainmneacha Sean-Ioruaise agus iad seanghaelaithe.
Tagann a bhfuil de logainmneacha Sean-Ioruaise anuas chugainn tríd an mBéarla, mar sin, de chuid is mó. Ní hionann seo is a rá gur iarr na hAngla-Normannaigh na leaganacha neamh-Ghaelacha de na logainmneacha seo d’aonghnó ó Lochlainniseoirí nuair a tháinig siad i dtír in Éirinn! Cé gur cosúil go raibh corrchainteoir Lochlainnise fós le fáil i mBaile Átha Cliath isteach sa 12ú haois (cf. Ó Corráin, ‘Old Norse and medieval Irish: bilingualism in Viking-age Dublin’, Dublin and the medieval world (2009), agus buntaighde Bugge, Nordisk sprog og nordisk nationalitet i Irland (1905)), tá formhór na fianaise ar son iad a bheith seanghaelaithe faoin tráth seo, rud a luífeadh go maith leis an easpa logainmneacha a d’fhágadar ina ndiaidh. (Go bunúsach, sna foinsí is luaithe de chuid na nAngla-Normannach, déantar tagairt do leithéidí Mackthorkel (< Mac Torcaill < Thorkel), ní do Thorkelsson; tá foirmeacha gaelaithe d’ainmneacha na Lochlannach le fáil, leis, i logainmneacha Gaeilge na linne.) Sa chomhthéacs seo a chaithfimid a thabhairt faoi deara gur ar feadh an chósta amháin atá na logainmneacha Lochlainnise a phioc na hAngla-Normannaigh suas: gobanna tíre, cuanta is oileán a bhí ar eolas go forleathan ar fud Mhuir Éireann le cúpla glúin anuas cheana féin, ‘in the lingua franca of Ostman sailors and merchants’ chun focail Uí Chorráin a úsáid.
Míniú amháin a d’fhéadfadh a bheith ar easpa mhór na logainmneacha Sean-Ioruaise in Éirinn ná gur iompaigh na lonnaitheoirí Lochlannacha ar an nGaeilge go han-luath. Ach d’fhéadfaimis féachaint sa mhalairt treo freisin. Dá mb’amhlaidh go raibh Gaeilge éigin acu sular lonnaíodar anseo – mar shampla, trí ghaolta fola le Gaeil na hAlban – ní bheadh mórán call orthu logaimneacha nua a chumadh an chéad lá. (B’ann do ghrúpa ar leith a dtugann na seanfhoinsí Gallgoídil (NG Gall-Ghaeil) orthu ach is cosúil go raibh a líon siúd róbheag chun tionchar ginearálta a bheith acu.) Is beag tagairtí iontaofa a thagann anuas chugainn ó na hannála, ar an drochuair, agus tá an anailís ar an bhfianaise sna logainmneacha an-chasta. Tiocfaimid ar ais chuig an ábhar inspéise seo an tseachtain seo chugainn.
[Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill]
- Deilginis/Dalkey
- Inis Mac Neasáin/Ireland's Eye
- Tigh Chú Chulainn/Cuchullin's House
- Ceann Léime/Loop Head
- Lios na gCearrbhach/Lisburn
- Ceann Léime/Slyne Head
- Droichead an Chláir/Clarecastle
- Tigh Chú Chulainn/Cuchullin's House